Volume 1 1919~1922


Doc No.
Date
Subject

No. 153 Reprinted from Official correspondence relating to the peace negotiations June-September 1921 (Dublin, 1921)

Eamon de Valera to David Lloyd George

Mansion House, Dublin, 12 September 1921

12 Meadhon Foghmhair, 1921
A Chara,
Níl aon scáth orainn a rádh leat go bhfuilimíd lántoilteanach 'dul i gcomhdháil chum a dhéanamh amach conus is fearr is féidir an bhaint a bheidh idir an Saor-Chumann Náisiún ar a nglaodhtar Impireacht Shasana agus cuspóir náisiúnta mhuintir na hEireann do réidhteach.' Do chuireamair i n-iúl duit i n-ár litir, 10 Lughnasa, chomh fonnmhar is táimíd a leithéid de chomh-bhaint a bhreithniughadh. Dá bhrígh sin tá glaoidhte againn ar DHAIL EIREANN teacht le chéile chum go gcuirimíd fé n-a brághaid ainmneacha na dteachtaí atá ar aigne againn a cheapadh chum a ndeimhnighthe. Tá súil againn go mbeidh ar chumas na dteachtaí seo bheith i n-Inbhear Nois ar an lá adeirir, and 20adh lá de Mheadhon Foghmhair.

Ins an nóta deireannach so is dualgas linn a rádh arís go bhfuil an sgéal againn díreach mar a mhínigheamair sa chomhfhreagrachas so é, agus nách féidir gan é bheith amhlaidh. Tá a neamhspleadhchus féin fógraithe ag Eirinn do réir nós na náisiún agus dar léi féin gur Saorstát í. Is mar lucht labhartha ar son an tsaorstáit sin amháin agus mar lucht toghtha a cosanta atá ughdarás no cumas againn beart a dhéanamh ar son ár muintire.

Maidir le 'Riaghaltas do réir toil na ndaoine a riaghaluightear' tá sé do réir nádúra go gcaithfidh san bheith mar bhun fé aon tsocrughadh a thabharfaidh an rud is mian linn chum críche, is é sin, caradas seasmhach a shnaidhmeadh idir an dá náisiún. Níor bhaineamair-ne riamh aon bhrígh eile as an dteagasg san ach an ghnáth-bhrígh, an bhrígh, cuiream i gcás, do bhain muintir chomónta an tsaoghail as nuair adubhrais ar an 5adh Eanair, 1918: ' . . . . Caithfear socrughadh na hEuróipe nua a dhéanamh ar bhun éigin réasúin agus cirt nach miste bheith i ndóchas a bhuanuighthe. Dá bhrígh sin is é ár mór-thuairim nach foláir riaghaltas do réir toil na ndaoine a riaghaluightear a bheith mar bhun fé aon tsocrughadh líomatáiste a déanfar de dhruim an chogaidh seo.'

Siad na focal seo an fíor-fhreagra atá ar an léirmheas do deineadh orainn id' litir dheireannach. 'Sé brígh a baineadh as an uair sin ná ceart a bheith ag náisiúin a tugadh fé smacht impreachtaí i gcoinnibh a dtola iad féin d'fhuasgailt ón gceangal a bhí ortha. B'in í an bhrígh do bhaineamair-ne as. Le fírinne is é do Riaghaltas-sa a thuigfeadh leis an dteagasg 'go mbainfí an bonn ós gach aon stát a sheasuigheann ar thoil na ndaoine agus go gcasfaí an saoghal síbhialta thar n-ais chum finidheachais' nuair a iarann sé cúis chum ar náisiún ársa a stracadh as a chéile agus a líomatáiste do roinnt.

Mise,
do chara gan cháim,
Eamon de Valera

(Official Translation)

Sir,
We have no hesitation in declaring our willingness 'to enter a Conference to ascertain how the association of Ireland with the community of nations known as the British Empire can best be reconciled with Irish national aspirations.' Our readiness to contemplate such an association was indicated in our letter of August 10th.1 We have accordingly summoned Dáil Eireann that we may submit to it for ratification the names of the representatives it is our intention to propose. We hope that these representatives will find it possible to be at Inverness on the date you suggest, September 20th.

In this final note we deem it our duty to reaffirm that our position is and can only be as we have defined it throughout this correspondence. Our nation has formally declared its independence and recognises itself as a sovereign State. It is only as the representatives of that State and as its chosen guardians that we have any authority or powers to act on behalf of our people.

As regards the principle of 'government by consent of the governed,' in the very nature of things it must be the basis of any agreement that will achieve the purpose we have at heart, that is, the final reconciliation of our nation with yours. We have suggested no interpretation of the principle save its every-day interpretation, the sense, for example, in which it was understood by the plain men and women of the world when on January 5th, 1918, you said:-

' ... The settlement of the new Europe must be based on such grounds of reason and justice as will give some promise of stability. Therefore it is that we feel that government with the consent of the governed must be the basis of any territorial settlement arising out of this war.'

These words are the true answer to the criticism of our position which your last letter puts forward. The principle was understood then to mean the right of nations that had been annexed to empires against their will to free themselves from the grappling hook. That is the sense in which we understand it. In reality it is your Government, when it seeks to rend our ancient nation and to partition its territory, that would give to the principle an interpretation that 'would undermine the fabric of every democratic state and drive the civilised world back into tribalism.'

I am, Sir,
Faithfully yours,
Eamon de Valera

1 No. 147 above.