Volume 8 1945~1948


Doc No.
Date
Subject

No. 383 NAI DT S14218

Telegram from Éamon de Valera to Jawaharlal Nehru (New Delhi) and Liaquat Ali Khan (Karachi)

Dublin, 14 August 1947

Táim ag glacadh chugam ionú na mór-ócáide seo le tréaslú croí Rialtas na héireann a chur i bhfios duit féin agus dod chuallaithe. Beannaíonn Éire don Innia shaoir, déanann sí gáirdeas léi agus tá mór-dhóchas aici go mbainfidh na Pobail Inniacha amach ina saoirse cuspóirí a mianta dliateanacha uile agus gur cumas dóibh i gcomhchaidreamh na náisiún an áit atá tuillte acu de bhárr a saíochta seanda agus a bhfulainge cian-fhada a ghlacadh le cor an chine dhaonna a dhealbhadh san aimsir atá romhainn. Beannacht Dé agus Mhuire Óigh ar na Pobail Inniacha.

Éamon de Valera
Taoiseach

Translation
I take advantage of this great occasion to send to you and to your colleagues the hearty congratulations of the Irish Government. Ireland greets free India, rejoices with her and hopes fervently that in freedom the Indian peoples will achieve all their rightful aspirations and in the comity of nations be enabled to play the part their ancient civilisation and long suffering fit them for in shaping the destinies of mankind. The blessing of God and the Virgin Mary on the Indian peoples.

Éamon de Valera
Taoiseach