Volume 10 1951~1957


Doc No.
Date
Subject

No. 190 NAI TSCH/3/S11445/2

Minute by Maurice Moynihan

Dublin, 1 April 1953

Le linn dó bheith ag caint leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus liomsa ar an 26ú Márta, 1953, mar gheall ar an gcéad-iarracht de dhréacht-mheabhrán, i dtaobh ‘Leabhar Cogaidh’ a ullmhú, rinne an Taoiseach tagairt do ní áirithe a bheidh mar chúram phráinneach ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha má thárlaíonn cogadh. Is é ní é sin ná féachaint chun fógra d’fhoilsiú agus do chur in iúl do Rialtais na dtíortha a bheidh sa cogadh agus do Rialtas tíortha eile do réir mar oiriúnach, fógra á dhearbhú gur neodrach don Stát sa chogadh (má is mar sin a bheidh an scéal). Dúirt an Taoiseach freisin gur ní é seo gur cheart tagairt dó sa ‘Leabhar Cogaidh’.

D’aontaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha leis an méid a bhí ráite ag an Taoiseach.

Níor mhiste an ní seo do mheabhrú don Roinn Gnóthaí Eachtracha nuair a bheidh treoracha an Rialtais mar gheall ar an ‘Leabhar Cogaidh’ á gcur chun na Roinne sin in am cuí.